Foilsithe san Irish Echo, NYC: Macallaí, Mí na Samhna 2- 11. 2003
Le linn m'óige
do bhí tionscal na cáise in Éirinn lonnaithe sa Golden
Vale. Is gleann méiniúil méith é An Gleann
Órga a chuimsíonn deisceart Tiobraid Árann agus contae
Luimnigh, agus tuaisceart Corcaí. Ceantar as a thagadh cuid mhór
bia blasta déirí na laethanta sin. I láthair na huaire
tá athrú mór tagtha ar an scéal. Ní hé
An Gleann Orga an t-aon fhoinse cáise amháin atá in Éirinn.
Tagann cáis ó chuid mhaith feirmeacha beaga timpeall na tíre
agus táirgí den scoth atá sna cáiseanna seo atá
le feiscint sna margaidh ar fud an domhan. D'fheicfeá, agus tú
sa Ghleann Órga, talamh réchnocach, dhroimneach, ghlas, fad radhairc
uait ar gach taobh. Má chothaíonn an bia blasta a thagann do chorp,
creidim go gcothaíonn an timpeallacht álainn d'anam.
Tháinig sé seo ar intinn agam agus mé ag léamh scríbhinn
atá le feiscint ar fhalla shéipéil Unitarian, a dhear Frank
Lloyd Wright, duine des na h-ailtirí is cáiliúla sa domhan.
Seo anois é:
"Do you have a loaf of bread? Break the bread in two and give half for some flowers of the Narcissus for thy bread feeds the body but the flowers feed the soul"
Tá an séipéil
seo in a bhaile féin, Madison, Wisconson.
Ba as Wisconson, The Golden Vale of America, é Frank Lloyd Wright. Chaith
sé an chuid is mó dá shaol i ngleann iargúlta álainn,
áit ar chuir a sheanthuismitheoirí fúthu timpeall 1864.
Ba as an Bhreatain Bheag iad siúd agus chuir an gleann seo a gceantar
dúchais i gcuimhne dóibh . Gleann méiniúil méith
atá ann le talamh réchnocach, dhroimneach leis. Ba í Breatnais
a dteanga dhúchais féin agus thugadar ainmneacha Breatnaise ar
tréithe na talún ina dtimpeallacht sa Domhan Nua, mar shampla
tugtar Bryn Mawr, Bryn Canol, Bryn Bach ar na gcnoic. (Cnoc Mór, Cnoc
Caol, Cnoc Beag )
Ag leanúint an traidisiún seo, do thug Frank Lloyd Wright Tan-y-Deri
(Faoi na Daracha) ar theach a dhear sé dá bheirt aintín.
Nuair a thóg sé a theach féin i 1911 ba é Taliesin
an t-ainm a thug sé air. Grua cnoic is ciall leis agus oireann sé
sin an áit go maith mar tá an teach ina shuí go compordach
ar thaobh cnoic. Cheap Frank Lloyd Wright gur uafásach an rud é
teach a thógáil ar bharr cnoic mar chuireadh sé sin isteach
ar líne nádúrtha na radharc. Ach tá an tarna míniú
ann
Is é Taliesin bard cáiliúil é a mhaireann
i miotaseolaíocht na Breataine Bige agus do bhí an bhaint seo,
le cultúr a shinsear, ana thábhachtach don ailtire mór
le rá seo.
Seo a leanas dán faoin mbard ó pheann Richard Havey, "The Masque of Taliesin" faoi athchóiriú Frank Lloyd Wright i 1911.
To Fashion Worlds
in Little
Making Form
As God Does One with Spirit
So God Makes Use of Poets.
To Fare on, Fusing
The Self that Wakes
And the Self that Dreams
We find for Choosing
The Deeds to Dare
And the Laws to Keep.
Fear fadbhreathnaitheach
ab ea é Frank Lloyd Wright, rud atá soiléir óna
chuid shaothair. Leis sin, badhuine mionchúiseach amach is amach é.
Tá sé ráite gurb fhearr leis ba dhonna a fheiscint ar a
fhaice féin. Mar sin ní raibh Fresians (Bán agus dubh)
ar bith aige ar an bhfeirm, cé go raibh a fhios ag cách ag an
am agus fós go bhfaightear níos mó bainne óna cinn
sin.
Tá Tan-y-Deri agus Talliesin fós ann, tríocha míle
ó Madison. Tá an gleann faoi choimirce Fondúireacht Frank
Lloyd Wright agus tá siad ag iarraidh na tithe a dheisiú agus
a choimeád oscailte ar chuimhne ar fhir ardéirime seo.
Má tá rian Breatnaise ansin tá teanga eile cheilteach beo
i Madison leis. 'Sea tá an Ghaeilge ann chomh maith. Fuair mé
féin agus Úna McGillacuddy cuireadh ó bhean seoigh Dineen
Grow, ó Ionad Cultúrtha Ceilteach, Madison, dul amach agus a bheith
páirteach mar mhúinteoirí i ndeireadh seachtaine bliantúla
na Gaeilge. Bhí an t-ádh linn mar do bhí an ceoltóir
agus amhránaí Jim Flanagan ó Mississippi agus Nancy Stetson
ó Minneapolis ina múinteoirí chomh maith. Chaitheamar tréimhse
breá sa Freidrick Centre in Ollscoil Wisconsin an áit a raibh
an imeachta bunaithe. D'airigh na daoine luaite thuas spiorad ár gcara,
Barra Ó Donnabháin, solas na bhflaitheas dá anam, sna h-imeachtaí
go léir. Bhí roinnt mhaith cairde aige siúd amach i Wisconsin
óna chuairteanna bliantúla ar an bhFéile Mhór i
Milwaukee.
Ag an deireadh seachtaine seo bhí gach uile duine ag obair go crua i
gcaitheamh an lae ach, ar ndóigh, tar éis sin dheineadar oíche
go maidin de! Bhí na daltaí ana dhíograiseach dhícheallach
an teanga a fhoghlaim. Thánadar ó chian agus ó chóngar,
cuid acu tar éis taistil ó Iowa, Chicago, Indianapolis, Atlanta
agus Minneapolis toisc nach bhfuil múinteoir acu ina mbailte féin.
Do dhein an bia blasta agus an lóistín compordach maitheas do
choirp an tslua a bhí i láthair agus dhein an comhluadar cairdiúil
agus ár dteanga bhreá maitheas dár n-anamacha.
O 'sea, do bhíodh ana bhaint ag na hÉireannaigh le Madison san
am atá caite agus tá fós. Tá Eire Street, Emerald
Street le feiscint sa chathair féin agus, is é ainm an tsiopa
cáis is mó sa cheantar ná "Brennans"! Díoltar
cáis an Ghleann Órga Wisconsin ann agus creid nó ná
creid cáiseanna nua aimseartha na hÉireann ann chomh maith!
Nach beag é an domhan é agus, mar is eol do chách, bíonn
gaol idir nach mór gach uile rud ann.
Lasairchoille
Mí na Samhna 2003